← Bhí beirt eile freisin nár ith áon píosa den fhia, ba iad sin Goll Mac Morna agus Raithnigh. 🔊
← Rug Goll ar a chlaidheamh agus isteach leis sa bpluais. 🔊
← Nuair a tháinig Goll amach, thosaigh Raithnigh ag magadh faoi. 🔊
← Ní raibh Fionn an-mhór le Goll ariamh, toisc gurb é Goll a mharaigh a athair, agus chuir an gníomh seo fearg mhór air anois. 🔊
← D'imigh Goll ar a theitheadh go dtí a bhean a bhí thuas sna sléibhte, ach chuaigh Fionn ar ais arís go dtí a chuid fear. 🔊
← D'inis Fionn dóibh faoin méid a tharla le Goll agus Raithnigh, agus bhí brón agus fearg orthu i ndiaidh a chéile. 🔊